Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
A óige: tógadh Joe ag taobh scoil Mhachaire Rabhartaigh. A chuimhne ar na múinteoirí. Bhí triúr ina theaghlach, deartháir eile agus deirfiúr. Rinne a athair rud beag iascaireachta i dtús a shaoil agus ansin bhíodh sé ar shiúl go Albain. Bhíodh Joe é féin ag obair fan teach agus nuair a bhí se 16 bliana d’aois, chuaigh sé go Ballymoney ón Raibeal i Leitir Ceanainn, £24 a fuair sé don trí mhí. Tháinig sé na bhaile ansin agus ar ais san Earrach. Bhí feirm mór ansin. Obair feirmeoireachta a bhí le déanamh. Bhí scór eallaigh bainne ansin agus dhá bheithíoch. Protastúnach a bhí san fheirmeoir ach thug sé ar Joe a dhul an Aifrinn gach Domhnach. | 00:06:45 | |
Chaith sé cúpla mí ag tógáil monarchan in Newcastle na Sasana agus ó sin go Falkirk. Bhí sé ag leanúint na hoibre. Bhí cuid mhór Éireannaigh agus oibrithe in Newcastle fosta. Ag stopadh i dteach loistín a bhíodh sé. | 00:03:15 | |
Phill sé na bhaile in 1976, bhí a mháthair beo fós. Bhí athrach mór ar an bhaile. Thosaigh sé ar a chuid feirmeoireachta arís, ag cur phreátaí agus ag baint mhóna. | 00:01:55 | |